Tá Quentin Reynolds ina dhraíodóir proifisiúnta ó d’fhág sé an scoil, agus tá sé ag déanamh a chleasanna iontacha ar fud na hÉireann agus Shasana ag féilte, i scoileanna agus ag cóisirí príobháideacha. Sa bhliain 2003, bhog sé go Manchain agus bhí sé ina oirfideach rialta ag cluichí baile Manchester United. Sa bhliain 2020, le linn na paindéime agus gan aon obair aige, bheartaigh sé an Ghaeilge a athfhoghlaim, teanga nár bhain sé úsáid aisti ó d’fhág sé an scoil. Thosaigh sé le Duolingo, rinne sé ranganna ar líne le Coláiste na Rinne agus, nuair a d’aistrigh sé ar ais go Baile Átha Cliath in 2022, lean sé leis le Conradh na Gaeilge. “Dhein Quentin an dallamullóg a chur ar óg agus ar aosta anseo sa Rinn i nGaeltacht na nDéise, i bPort Láirge, le déanaí, le draíocht, cleasaíocht agus greann. Bhí a raibh i láthair faoi gheasa aige agus iad lán d’ionadh, le neart cleasaíochta. Bhain an lucht féachana an-taitneamh as an seó a bhí curtha i láthair go snasta ag Quentin. Is fiú go mór an taispeántas seo d’fheiscint. Ardmholadh tuillte ag Quentin.” — Liam Suipéil, Coláiste na Rinne “Míle buíochas as seó den chéad scoth a chur ar siúl inniu. Bhí sé thar barr agus tá ardmholadh faighte agat ó gach duine a raibh mé ag caint leo. Go n-éirí an bóthar abhaile leat agus tar ar ais arís am ar bith” — Caibrín De Barra
Prices
€15 - Group bookings available. Contact us directly for details.